Lillis o laoire biography of barack
Lillis Ó Laoire
Is annamh a thig aon saothar ealaíne chun tosaigh as féin i bhfolús. Níos minice ná a mhalairt, is féidir tionchair agus análacha éagsúla a shonrú air, agus ní heisceacht é ‘Tráthnóna Beag Aréir’ (TBA) sa chás seo. Go deimhin, is féidir a mhaíomh gur déantús é a bhfuil lorg saothair eile le sonrú go láidir air. D’fhéadfaí fiú a mhaíomh gur aistriúchán é, agus ba doiligh an méid sin a shéanadh. Is é fírinne an scéil gur bunaíodh an t-amhrán ‘Tráthnóna Beag Aréir’ ar an amhrán ‘The Heather Glen’, amhrán a chum an tírghráthóir cáiliúil George Sigerson (1836-1925). Amhrán grá é ‘Tráthnóna Beag Aréir,’ grá atá críochnaithe agus nach dtiocfaidh arís. Tá deireadh dúile bainte ag an reacaire den chumann. Cumann gearr a bhí ann, a bhí gonta, dian, ach a bhí séimh, cuirtéiseach, muinteartha fosta. Láimhsítear an teannas idir an t-éarótachas agus caoine na bhfocal ar bhealach fíoréifeachtach, rud a thugann neart faoi leith don téacs. Tá tábhacht le focail an dara véarsa, an ceann a fheidhmíonn mar churfá sa chás seo. Is féidir athbhríonna go leor a léamh as na focail ‘ealaín’ agus ‘súgradh’ – focail a bhfuil ciall ghnéasúil leo. Ach de bharr go luíonn siad in aice le focail eile, ‘canach,’ ‘milis,’ agus ‘gile’ baintear aon ghoimh nó aon choir a shamhlófaí leo astu. Coinnítear an chóimheá go daingean ionas go seachnaítear aon imir den gháirsiúlacht ná den ghraostacht, d’ainneoin go bhféadfaí na tuiscintí sin a bhaint go réidh as focail ar nós ‘ealaín’ agus ‘súgradh.’ Tá uaisleacht agus cúirtéis fosta sa chur síos ar thréithe an leannáin sa dara véarsa cé go bhfuil an imir éarótach i gceist leis ar fad. Luaitear an folt fáinneach frasach, an mhala agus an déad. Luaitear an ‘com’ agus an ‘béal’, an ‘tsúil’ agus an ‘bhráid,’ go béasach cinnte, ach cuirtear in iúl san am chéanna go raibh mealladh agus tarraingt sna baill seo. Téann TBA i muinín thraidisiún saibhir na n-amhrán grá sa Ghaeilge. Tá macallaí go leor san amhrán de na Dánta Grádha fosta, agus is d’aon ghnó a cuireadh ann iad. Is dócha gurb é an ceann is luaithe a rithfeadh le haon léitheoir a mbeadh cur amach aige ar na hamhráin, ‘Caisleán Uí Néill’ a thosaíonn, ‘Céad slán don oích’ aréir, ’s é mo léan géar gan mé anocht ina tús’ (Ó Concheanainn 1978: 25) — smaoineamh atá i bhfostú go daingean in ‘TBA’. Tá ceangal idir sin, dar ndóigh, agus an dán grá cáiliúil ‘Soraidh slán don oidhche aréir’ a gcuirtear dáta den seachtú haois déag leis, agus a leagtar ar an fhile Albanach Niall Mór Mac Muireadhaigh.